Lyrics
An raibh tú riamh i nGarrán a' Bhile?
Nó an bhfaca tú í ' nGarrán a' Bhile?
An tsuairc-bhean óg na gcuacha óir?
'S í Cáit mo stór i nGarrán a' Bhile
Is gille í ná eal' ar linn
'S ná sneacht' ar bharr na craoibhe cruinne;
'S is milse 'póg ná drúcht na rós
'S i Cáit mo stór i nGarrán a' Bhile
Is binn' a ceol ná lon 's na smól
'S na filimeol ar chraobh na saile
Mar long faoi sheol ar thoinn gan cheo
Sea tcím mo stór i nGarrán a' Bhile
Chugatsa, 'Chriost, le fonn mo ghuí
Má á aon bhrí i í an fhile
Gan áin, gan íos, gan phráinn, gan díth
Go raibh áit 's a buíon i nGarrán a' Bhile